TARRAC NA FARRAIGE
RTÉ, 2025

Tarrac na Farraige – sraith faisnéise ceithre chlár ag breathnú ar an saol cróga, geanúil agus ildaite atá ag pobal an tionscail iascaireachta le linn tréimhse an-leochaileach ar fad. Feicfear idir dhrámatúlacht agus scéalta pearsanta araon sa tsraith seo, agus tionscail na hiascaireachta, mar atá faoi láthair, á scrúdú go grinn.
Tá cead faighte ag criú Red Shoe Productions a bheith ar bord loinge le hiascairí mórthimpeall chósta na hÉireann chun scannánú a dhéanamh orthu agus iad i mbun a gcuid oibre laethúil. Tá athrú ó bhonn ar tí tarlú i dtionscail na hiascaireachta, agus gheobhfaimid léargas ar leith faoi seo ón dream a bhíonn ag strachailt leis gach lá. Dreamanna difriúla iad seo ó gach cearn den tír – ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid, via Na Cealla Beaga agus Baile Chaisleán Bhéarra – muintir Uí Fhlatharta, muintir Uí Mhurchú, MacDara Breathnach, Enda Dirrane, John O’Donnell, Fionn Ó Curraoin agus a lán eile nach iad.
Tá grá croí ag cuid mhaith dár n-iascairí cladaigh don bhfarraige – glaoch é seo a théann siar sna glúnta. Le breis is 3,000km de chósta, tá an spiorad pobail tréan, láidir sna daoine céanna seo. Feicfear ar scáileán iad, cuid mhaith acu don chéad uair, agus am cinniúnach do thionscail na hiascaireachta. Tá sé mar chuspóir ag an sraith seo scéalta pearsanta, áitiúla a dhéanamh as na cinnlinnte móra, a gcuid frustrachais a chur i bhfocail, agus teagmháil a dhéanamh leis na pobail áitiúla chun a scéalta siúd a insint don chéad uair.
Tarrac na Farraige is a four-part observational documentary series following the highs and lows of life at sea through the eyes of professional fishermen working from ports around our coast. Together, their testimonies paint a picture of a traditional Irish industry at a key turning point. Can Irish fishing survive and thrive – or are we witnessing its slow demise?
Fishermen up and down the coast of Ireland have allowed the crew of Red Shoe Productions to film them as they go about their daily lives. Representing a huge range of fishing communities across Ireland, from Malin Head to Mizen Head, via Killybegs and Castletownbere, are: the O’Flaherty family, the Murphy family, MacDara Breathnach, Enda Dirrane, John O’Donnell, Fionn Ó Corraoin and many more. The fishing community may be scattered around Ireland’s 3000km of coastline, but this landmark series captures the community spirit and love of the sea that unites them all.
This is the first time many of these hard-working fishermen have allowed themselves to be filmed. In a time of great uncertainty, the series aims to humanise the headlines and bring the stories of one of Ireland’s hardest-working communities to the nation’s screens.
GAILEARAÍ ÍOMHÁ
IMAGE GALLERY









