FLEADH CHEOIL
RTÉ, 2018-2019, 2022-2024
Léiríonn an tsraith Fleadh Cheoil scoth an cheoil traidisiúnta a chloistear gach bliain ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Feictear agus cloistear an chraic, an spleodar agus an cumas ceoil a bhíonn ag an bhféile ceoil traidisiúnta is mó in Éirinn!
Ag teacht ar bord don chéad uair sa tsraith seo den bhFleadh, tá laoch teilifíse RTÉ, Dáithí Ó Sé. Taispeánann Muireann Nic Amhlaoibh dó conas déileáil leis na sluaite agus na saoithe ceoil ag an bhféile. Thar sraith sé chlár, tugaimid an lucht féachana ar aistear ceoil, ag baint sult as seisiúin sráide agus an tomadh isteach i gcuisle Fleadh Cheoil na hÉireann.
Tugann an tsraith seo stáitse freisin do cheoltóirí áitiúla agus ealaíontóirí idirnáisiúnta an cheoil Ghaelaigh, iad ar fad ag seinm i measc na sluaite ar na sráideanna. Feicimid bród i súile na dtuismitheoirí, agus páistí is daoine fásta araon ag glacadh páirt i Scoil Éigse, agus san iliomad comórtaisí atá mar dhlúthchuid den bhFleadh Cheoil.
Feictear carachtair spleodracha ag léimt isteach le cuairteoirí agus le muintir na háite agus iad uilig ag baint taitneamh as na seisiúin sráide a thosnaíonn go tobann faoi ghrian dheas an tsamhraidh. I measc aíonna an chláir feictear Seán Keane le Fergus Feely & Shane McGowan, Tom Doorley, Iarla Ó Lionáird le Cormac McCarthy agus Matthew Berrill, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Martin Hayes le David Power.
The Fleadh Cheoil series showcases the best of Irish traditional music from the annual Fleadh Cheoil na hÉireann. This series captures the craic, colour and ceol of Ireland’s biggest traditional music festival!
Joining the Fleadh crew in our latest series for the first time is RTÉ heavyweight Dáithí Ó Sé, expertly shown the ropes by Fleadh stalwart, Muireann Nic Amhlaoibh. Across six episodes we bring viewers on a musical journey, enjoying the street sessions and getting fully immersed in what Fleadh Cheoil is all about.
The series also showcases locally and internationally renowned top-class musicians, as they play amidst thronging crowds. The pride of doting parents is apparent, as children and adults take part in Scoil Éigse, and the many other competitions that are an integral part of Fleadh Cheoil na hÉireann.
Visitors and residents alike are joined by colourful characters enjoying spontaneous music sessions amidst the glorious August sunshine. Guests have included Seán Keane with Fergus Feely & Shane McGowan, Tom Doorley, Iarla Ó Lionáird with Cormac McCarthy and Matthew Berrill, Mairéad Ní Mhaonaigh and Martin Hayes with David Power.